top of page

Faoi Comharchumann Ráth Chairn

Rath Cairn

Bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn i 1973 chun gníomhaíochtaí forbartha sa cheantar a phleanáil.

Eagraítear Cúrsaí i Ráth Chairn do:

  • Mic léinn tríú leibhéal

  • Cúrsaí Deireadh Seachtaine do dhaltaí bunscoile/meánscoile/daoine fásta

  • Cúrsaí Lár Seachtaine

  • Cúrsaí Seachtaine

  • Dianchúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta

  • Cúrsaí atá saincheaptha do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí ar leith agus laethanta saoire cultúrtha (ranganna seite, amhránaíochta, damhsa sean-nóis, céilithe, turais agus cainteanna cultúrtha)

  • Seisiún ceoil gach Oíche Dé Luain i rith na bliana

  • Féilte;

  • Éigse Dharach Uí Chatháin i Mí Deireadh Fómhair

  • Féile na Mí i mí na  Samhna

  • Siamsóir na Mí i mí Feabhra 

  • Féile na Gealaí i mí Meitheamh

Aidhmeanna an Chomharchumainn
Ranganna Gaeilge

Buaíodh an chomharchumann chun pobal Ghaeltachta a neartú sa cheantar, an ghaeilge agus an chultúir a chuir chun cinn agus chun fostaíocht agus tithíocht a chuir ar fáil do mhuintir na gaeltachta.

Stair an Chomharchumainn
Stair Ráth Chairn

Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite i gContae na Mí agus tá stair ar leith ag baint leis an gceantar. Mar chuid de scéim a thionscain ‘Muintir na Gaeltachta’ agus Coimisiún na Talún idir 1935 agus 1937, d’aistrigh 41 teaghlach ó cheantair ‘chúnga’ i gConamara go bailte fearainn de chuid Bhaile Átha Buí. D’fhág siad a dtithe i gConamara ina ndiaidh agus tugadh teach nua do gach teaghlach, in éineacht le 22 acra talún, stoc agus uirlisí. Ba í an Scoil Náisiúnta an t-aon áis choiteann a bhí acu. Cé go raibh Béarlóirí mórthimpeall ar na lonnaitheoirí, fágadh faoi na Gaeilgeoirí seo forbairt mar phobal agus rinne siad amhlaidh gan scaradh lena dteanga. Níor tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Ráth Chairn go dtí 1967.

bottom of page