top of page

Nuacht agus Imeachtaí

Ráth Chairn

Féile na Bliana

Bronadh gradam Nós d'fhéile na Bliana ar Fhéile na Gealaí, an t-aon fhéile dá cineál sa tír! Féile champála Ghaelach le ceol comhaimseartha amuigh faoin aer! 

Bonn Óir Sheáin Uí Riada ag dul go Liombó!

Postáilte 6/02/2017

Ba iad Éanna Ó Cróinín, píob, agus Úna Ní Fhlannagáin, cruit, a thug leo Bonn Óir Seán Ó Riada Dé hAoine ag an gcraobh a craoladh beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh. 
 

14 ceoltóir a bhí ar stáitse Dé hAoine ag an ócáid in Óstán an Rochestown Park.  Ba é Cian Smith,12, as Port Láirge an duine ab óige sa chomórtas agus ba ag Aislinn Gagliardi a bhí an t-aistear ab fhaide, thaisteal sí anonn ó Chicago, Mheiriceá. 

Peadar Ó Riada a chuir an comórtas don Bhonn Óir ar bun seacht mbliana ó shin tríd a chlár Cuireadh chun Ceoil in ómós dá athair, an ceoltóir agus an cumadóir Seán Ó Riada.   

Rath Chairn Bonn Óir

Gradam Scléip Ghael Linn Buaite ag grúpa as Coláiste Pobail Ráth Chairn

Rinne grúpa ceoltóirí ón mheánscoil éacht 

an tseachtain seo caite nuair a bhuaigh siad 

an chéad áit i gcomórtas Scléip Ghael Linn do

ghrúpaí ceoil, agus gur orthu a bronnadh Gradam 

Scléip 2016 don teaspántas a b'fhearr ar an lá.

Paddy Mac Tiarnáin, Jordan Mac Crabhagáin,

Dylan Ó Coileán agus Korey Ó Broin.

Seán Keane
Postáilte 15/12/16
Bhí ceolchoirm den chéad scoth i halla an phobail leis an tamhránaí cliúiteach, Seán Kane. Bhí oíche den scoth ann!
Féíle na Mí

Postáilte 21ú Samhain 2016

Tá deireadh le Féile na Mí don bhliain 2016, agus bhí féile en scoth againn. Míle buíochas do chuile dhuine a d'fhreastail ar! Hup an baile beag!

Ráth Chairn Féile na Gealaí
Dátaí do Dialann
Féile na Bliana - Féile na Gealaí!

Siamsóir na Mí 2017

11ú Feabhra

Comórtas na ngasúir @ 6:30i.n

Daoine Fásta @ 10:00 i.n 

Crinniú Poiblí Pleanáil Teanga

15ú Feabhra

Áras Pobail Ráth Chairn @ 8:30 i.n

Oíche Chill Bhríde - Oícheannta na mBóithrí

24ú Feabhra

Áras Pobail @10:00 i.n

bottom of page