Comharchumann Ráth Chairn
Ag lódáil...
Comharchumann Ráth Chairn
Ag lódáil...
Úsáidimid fianáin
Úsáidimid fianáin chun d'eispéireas a fheabhsú agus ábhar ábhartha a thaispeáint. Is féidir leat do roghanna a shaincheapadh thíos. Polasaí príobháideachais
Scrúdaigh na himeachtaí a chonaic ár bpobal.

Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn timpeall 1935 nuair a chuir seacht gclann is fiche as Conamara, go háirithe as cheantar na n-oileán agus ón gCeathrú Rua, fúthu ar thalamh a bhí faighte ag Coimisiún na Talún i gContae na Mí. Ba é ceann de na smaointe b’fhadradharcaí i gcursaí athbheochana na Gaeilge riamh.

Tugadh teach Coimisiúin, feirm dhá acra is fiche, capall, cráin mhuice is bainbh agus uirlisí bunúsacha talmhaíochta do ghach clann. Sa bhliain 1937 tháinig aon chlann déag eile chun cur fúthu i Ráth Chairn. San iomlán, d’aistrigh 443 duine ó Chonamara go gabháltais nua i gceantar Rath Chairn le linn na tréimhse seo. Ba í an t-aon áis phobail amháin a tugadh don phobal nualonnaithe seo ná an Scoil Náisiúnta, Scoil Uí Ghrámhnaigh, atá in úsáid fós. Seachas sin fágadh an Ghaeltacht nua seo ar a conlán féin.

Ní go dtí 1967 a bhain Rath Chairn amach aitheantas oifigiúil mar Ghaeltacht, tar éis feachtais chearta sibhialta a d’eagraigh Craobh Cearta Sibhialta na Gaeltachta Rath Chairn. Is i 1973 a bunaíodh Chomharchumann Rath Chairn chun pleanáil agus forbairt a dhéanamh don cheantar.

Tá Ráth Chairn ina bhaile beag anois le lárionad pobail agus clubteach (An Bradán Feasa), meánscoil, lárionad fiontraíochta, eaglais Chaitliceach agus áiseanna eile lena n-áirítear grúpscéim uisce, siopa, bialann, páirc imeartha, agus ionad taispeántais.